Skip to content
Dublin GAA LogoStaycity Logo

All Sports

Fóram Dubs le Gaeilge lán go doras i bPáirc an Chrócaigh

Fóram Dubs le Gaeilge lán go doras i bPáirc an Chrócaigh
Wed, 16 September 2026

Pictiúir: Fiona Ó Fiaich

Fóram Dubs le Gaeilge

Reáchtáladh Fóram: Dubs le Gaeilge, i bPáirc an Chrócaigh le déanaí.

Bhí an fóram díolta amach go luath agus lucht freastail tiomanta i láthair.

Thug an fóram painéal spreagúil cainteoirí le chéile, Oifigigh na Gaeilge ó chlubanna CLG timpeall an chontae, agus réimse eagraíochtaí Gaeilge chun plé a dhéanamh ar phlean nua Gaeilge do CLG Átha Cliath don tréimhse 2027–2030.

Thug an fóram deis do lucht freastail príomhcheisteanna a phlé, tuairimí a roinnt agus éisteacht le réimse leathan cainteoirí a bhfuil saineolas agus taithí acu.

I measc na gcainteoirí bhí Jamie Ó Tuama, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Rannóg Cumarsáide CLG; Aisling Uí Dhuibh, Cathaoirleach Choiste Scór Átha Cliath; Seán de Paor, Oifigeach Forbartha, Glór na nGael; Aodán Ó Ceallaigh, Oifigeach na Gaeilge, CLG Naomh Uinseann; Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach, Gaelchultúr; agus Séamie Ó Néill, Oifigeach don Ghaeilge agus don Chultúr, CLG Átha Cliath.

Bhí rannpháirtíocht láidir ón lucht freastail agus plé bríomhar ar bun i rith an lae, rud a léirigh an spéis mhór atá ag daoine i gceist na Gaeilge i saol CLG Átha Cliath.

Léirigh torthaí ó shuirbhé a rinne Dubs le Gaeilge le déanaí, a fuair breis agus 1,000 freagra, an leibhéal ard spéise atá i measc phobal CLG Átha Cliath i bplean uaillmhianach Gaeilge a fhorbairt don chéad trí bliana eile.

Bhraith breis agus 95% de na freagróirí gur céim thar a bheith tábhachtach a bheadh i bplean den sórt sin chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn ar leibhéal an Bhoird Chontae agus ar fud na gclubanna sa chontae.

Dúirt Séamie Ó Néill, Oifigeach na Gaeilge, CLG Átha Cliath:

“Tá áthas orainn leis an spéis a léiríodh san fhóram. Is iontach an rud é imeacht díolta amach a bhaint amach, ach ba é caighdeán an phlé agus an rannpháirtíocht i rith an lae an rud ba shuntasaí faoin bhfóram. Thug ár gcainteoirí léargais agus tuairimí luachmhara chun boird, agus chuir an lucht freastail go mór leis an bplé trí cheisteanna machnamhacha agus smaointe suimiúla, dúshlánacha a roinnt.”

Thug an t-imeacht deis luachmhar freisin do lucht freastail teagmháil a dhéanamh lena gcomhghleacaithe, smaointe a mhalartú agus líonraí nua a chothú. Ba léir cé chomh tábhachtach is a bhí an fóram mar áit chruinnithe agus mar ardán don phlé agus don chomhoibriú i réimse na Gaeilge i CLG Átha Cliath, maraon leis na heagraíochta eile atá ag saothrú i ngort na Gaeilge sa chathair.

Fógraíodh comhpháirtíocht nua ag Gaelchultúr i gcomhar le CLG Átha Cliath, a bhfuil sé mar aidhm aici infheictheacht, inrochtaineacht agus úsáid na Gaeilge a mhéadú i gcluichí Gaelacha ar fud na príomhchathrach. Seoladh an chomhpháirtíocht go hoifigiúil mar chuid den Fhóram. Mar chuid den tionscadal, cuirfear 50 scoláireacht Ghaeilge ar fáil d’imreoirí contae Bhaile Átha Cliath, rud a thabharfaidh deis dóibh a gcuid Gaeilge a fhorbairt ar chúrsaí móréilimh Ghaelchultúir.

Dúirt Séamie Ó Néill, Oifigeach don Ghaeilge agus don Chultúr, CLG Átha Cliath:

‘Is deis iontach iad na scoláireachtaí seo d’imreoirí Bhaile Átha Cliath a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt. Rachaidh siad chun tairbhe dóibh siúd a bhfuil grá acu don teanga, chomh maith leo siúd ar mian leo cur lena gcuid scileanna Gaeilge chun leas a bhaint astu ina ngairm bheatha. Agus tá súil againn go gcloisfimid i bhfad níos mó agallamh i nGaeilge ar TG4 amach anseo.’

Léiríonn an chomhpháirtíocht nua seo an uaillmhian chomhroinnte atá ag Gaelchultúr agus CLG Átha Cliath deiseanna praiticiúla a chruthú chun an Ghaeilge a fhoghlaim, a úsáid agus a cheiliúradh, agus ar an gcaoi sin, láithreacht na teanga ar an bpáirc agus lasmuigh di a neartú.

Mar gheall ar an bhfreagra dearfach a fuarthas ón lucht freastail ag an bhfóram agus ó na cainteoirí araon, tá an lucht eagraithe ag féachaint rompu cheana féin ar imeachtaí eile, ócáidí sóisialta ina measc, a eagrú chun cur leis an bhfuinneamh a cruthaíodh i bPáirc an Chrócaigh.

 --------

Eagrú an Fhóraim

D’eagraigh fochoiste d’Oifigigh na Gaeilge an fóram. Ba iad baill an fhochoiste ná:

  • Séamie Ó Néill, CLG Baile Buadáin Naomh Éanna

  • Aodán Ó Ceallaigh, Naomh Uinsionn CLG

  • Sharon Walsh, Cumann An Chloigthí CLG 

  • Máirín Ní Dhubhthaigh, CLG Cill Mochuda na Crócaigh

  • Fíona Ó Fiach, CLG Bhaile an tSaoir

The Dubs le Gaeilge Forum was held in Croke Park recently. The forum sold out early, with a committed audience in attendance. The forum brought together an engaging panel of speakers, Irish Language Officers from GAA clubs across the county, and a range of Irish-language organisations to discuss a new Irish-language plan for Dublin GAA for the period 2027–2030.

The forum gave attendees an opportunity to discuss key issues, share their views and listen to a wide range of speakers with expertise and experience in the area.

Among the speakers were Jamie Ó Tuama, Irish Language Development Officer, GAA Communications Department; Aisling Uí Dhuibh, Chairperson of the Dublin Scór Committee; Seán de Paor, Development Officer, Glór na nGael; Aodán Ó Ceallaigh, Irish Language Officer, St Vincent’s GAA; Darren Ó Rodaigh, Chief Executive Officer, Gaelchultúr; and Séamie Ó Néill, Irish Language and Culture Officer, Dublin GAA.

There was strong participation from attendees and lively discussion throughout the day, demonstrating the great interest in the Irish language within the Dublin GAA community.

The results of a recent survey conducted by Dubs with Irish, which received more than 1,000 responses, highlighted the high level of interest among the Dublin GAA community in developing an ambitious Irish-language plan for the next three years. More than 95% of respondents felt that such a plan would be a very important step in promoting the Irish language and Gaelic culture at County Board level and throughout the clubs across the county.

Séamie Ó Néill, Irish Language Officer, Dublin GAA, said:

“We are delighted with the interest shown in the forum. It is fantastic to achieve a sold-out event, but the quality of the discussion and the participation throughout the day were the most significant aspects of the forum. Our speakers brought valuable insights and perspectives to the table, while the attendees contributed greatly to the discussion by sharing thoughtful questions and interesting, challenging ideas.”

The event also provided a valuable opportunity for attendees to connect with their colleagues, exchange ideas and build new networks. It was clear how important the forum was as a meeting place and as a platform for discussing the Irish language within Dublin GAA, as well as with the other organisations working to promote the Irish language in the city.

A new partnership between Gaelchultúr and Dublin GAA was announced, with the aim of increasing the visibility, accessibility and use of the Irish language at Gaelic games throughout the capital. The partnership was officially launched as part of the Forum. As part of the project, 50 Irish-language scholarships will be made available to Dublin county players, giving them an opportunity to develop their Irish through Gaelchultúr’s popular courses.

Séamie Ó Néill, Irish Language and Culture Officer, Dublin GAA, said:

“These scholarships are a fantastic opportunity for Dublin players to develop their Irish-language skills. They will benefit those who have a love of the language, as well as those who wish to improve their Irish-language skills so that they can use them in their professional careers. And we hope that we will hear many more interviews in Irish on TG4 in the future.”

This new partnership demonstrates the shared ambition of Gaelchultúr and Dublin GAA to create practical opportunities to learn, use and celebrate the Irish language and, in doing so, strengthen the presence of the language both on and off the field.

Following the positive response received from both attendees and speakers at the forum, the organisers are already looking ahead to organising further events, including social occasions, to build on the energy created at Croke Park.

====== 

Organisation of the Forum

The forum was organised by a subcommittee of the Irish Language Officers. The members of the subcommittee were...

  • Séamie Ó Néill, CLG Baile Buadáin Naomh Éanna

  • Aodán Ó Ceallaigh, CLG Naomh Uinseann

  • Sharon Walsh, Cumann An Chloigthí CLG 

  • Máirín Ní Dhubhthaigh, CLG Cill Mochuda na Crócaigh

  • Fíona Ó Fiach, CLG Bhaile an tSaoir

SCÓR 2026

An bhfuil do chlub réidh do Scór? 

·       Scór is a GAA competition that combines all the colour and rivalry of Gaelic Games with the social/fun element of Ireland's traditional past-times. The competition was established by the GAA in 1969 with the aim of promoting Ireland's traditional pastimes and culture while offering club members the chance to meet up, have fun and represent their club during the winter months while Football and Hurling had ceased.

·       There are eight events/disciplines in Scór that cover all aspects of Irish culture: Figure/Céilí Dancing, Solo Singing, Ballad Group, Recitation/Scéalaíocht, Nuachleas/Novelty Act, Instrumental Music, Set Dancing and Table Quiz. 

·       Dublin clubs have had great success over the years, including recent Leinster titles in junior and senior Scór and competing in All Ireland finals. 

·       This would not have been possible without the years of dedication from Liam Ó Culbáird who has been instrumental in keeping the tradition alive in Dublin for many years. 

·       Guíonn CLG Átha Cliath gach rath ar Liam agus é ag dul ar scor ón ról seo. Ár míle buíochas leis. 

·       If your club wants to find out more about participating in Scór, contact Aisling at odwyersscor@gmail.com or 083 1368863.